€220,000 EU funding for Sustainable Innovation Pilot

Dingle Creativity and Innovation Hub has been awarded €220,000 EU Horizon 2020 funding to enable West Kerry to participate as a Sustainable Innovation Pilot (SIP) for the next three years. This will see the roll-out of  sensor technology to thirty farms to achieve greater carbon, cost and labour efficiency. Increased carbon efficiency will be achieved by extending the grazing season.

Starting this October, the Dingle Hub will collaborate with TeagascIFA, local Dingle hub-based technology provider Net Feasa and Kerry Agribusiness to roll-out the sensor technology currently being piloted through the Farm Ambassador Project to a further thirty farms on the peninsula. The ‘real-time’ data collected describes current and predicted weather and soil conditions, grass growth rates and key environmental indicators. This data will be analysed and used to develop models and effective decision-support tools for farmers and to add value to a range of products and services, e.g.

  • using good environmental parameters in marketing goods from the area;
  • localised ‘real-time’ weather data enabling providers to tailor tourist packages optimised for changing weather conditions;
  • building a trusted brand for the Dingle Peninsula to secure the region as a destination of choice for the sustainably conscious visitor supported by data proving low food miles and low carbon footprint.

This SIP will integrate farming enterprises with related value chains, such as agri-tourism and/or food tourism, through enabling farmers to work with technology providers, data analysts and marketing teams. It is hoped that facilitating collaborations across the value chain will support and enable co-created, innovative solutions to both address climate change and support the financial viability of farms.

The project aims to:

  1. Market products using data from the sensor technologies, specifically, for:
  • farms initiating new agri-tourism industries;
    • enabling evidence based tourism focused advertising for low food miles and low carbon footprint for food on the Dingle peninsula;
    • building a sustainable brand for the peninsula;
  • Roll-out the technology to an additional thirty farms, incentivised by greater value for product and greater carbon, cost and labour efficiency. Specifically, increased carbon efficiency will be achieved by extending the grazing season; for every 10-day extension in grazing season there is a 1.7% decrease in greenhouse gas (GHG) emissions. It is anticipated that the grazing season could be extended by 10 days on the Dingle peninsula through good grassland management achieved through use of the sensor technology. This 10-day extension of grazing will also mean increased profit for the farmer; for every 10-day extension in grazing season, profit is increased by 27 Euro per dairy cow. (Source: Teagasc Dairy Carbon Navigator)

The Dingle Hub will be advertising Expressions of Interest in the coming months for members of the farming community who wish to get involved in the SIP. Those who wish to pre-register their interest can do so by emailing info@dinglehub.com.  

Contact:
Deirdre de Bhailís
Dingle Creativity and Innovation Hub
Tel: 066 9150140 
Email:  info@dinglehub.com

€220,000 de mhaoiniú ón AE ar mhaithe Scéim Phíolótach Nuálaíochta Inmharthana

Tá maoiniú de €220,000 bronnta ar Mhol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Chorca Dhuibhne ag Horizon 2020 de chuid an AE chun go mbeidh Corca Dhuibhne in ann a bheith páirteach i Scéim Phíolótach Nuálaíochta Inmharthana (SPNI) sna trí bliana amach romhainn. Le linn na tréimhse seo cífear cur i bhfeidhm teicneolaíocht bhraiteora ar 30 feirm chun breis éafachtúlacht charbóin, costais agus oibre a bhaint amach. Bainfear amach breis éifeachtúlacht charbóin trí shíneadh a chur leis an séasúr inír.

Ag tosnú amach Mí Dheireadh Fómhair i mbliana, beidh an Mol ag obair le Teagasc, Cumann Feirmeoirí na hÉireann, Net Feasa, soláthróir áitiúil teicneolaíochta lonnaithe sa Mhol agus Kerry Agribusiness, chun teicneolaíocht bhraiteora a chur i bhfeidhm, agus tús curtha leis seo cheana féin ar 30 feirm ar fud Chorca Dhuibhne tríd an Tionscadal Ambasadóirí Feirme. Cuireann an fhaisnéis ‘fíor-ama’ seo atá á bhailiú síos ar an aimsir agus na coinníollacha ithreach reatha, ar rátaí fáis an fhéir agus ar chomharthaí tábhachtacha timpeallachta eile. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis seo agus úsáidfear í chun múnlaí agus uirlisí éifeachtacha a fhorbairt a chabhróidh le feirmeoirí chun cinní a ghlacadh agus chun breis luach a chur le réimse táirgí agus seirbhísí, m. sh.

  • paraiméadair mhaithe timpeallachta a úsáid agus margaíocht á dhéanamh ar thairgí ón gceantar;
  • eolas áitiúil ‘fíor-ama’ a chruthú a ligfidh do sholáthróirí a bpacáistí imeachtaí do thurasóirí a chur in oiriúint do na coinníollacha aimsire de réir mar a athraíonn siad;
  • branda dílis a chruthú do Chorca Dhuibhne chun go mbeidh an ceantar aitheanta mar rogha cheann scríbe ag cuairteoirí gur chás leo an inmharthanacht, agus tacaí a chur ar fáil do seo i bhfoirm faisnéis a léiríonn bia-aistir ghearra agus lorg carbóin íseal.

Tabharfaidh an  SPNI seo fiontair feirme le chéile le srutha ábhartha eile ar nós agrathurasóireachta agus/nó turasóireacht bhia, trí é a chur ar chumas feirmeoirí bheith ag obair le soláthróirí teicneolaíochta, lucht anailís bunachar agus foirne margaíochta. Trí chomhoibriú dá shórt seo a éascú, táthar ag súil gur féidir tacú chun freagraí a chruthú a raghfaidh i ngleic leis an athrú aeráíde agus a thacóidh le hinmharthanacht feirmeacha mar shlí beatha.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal:

1. Margaíocht a dhéanamh ar thairgí nua ag úsáid bunachar nua ón teicneolaíocht bhraiteora, go háirithe, ar mhaithe:

  • feirmeacha ag tosnú tionscnaimh nua agrathurasóireachta;
  • éascú ar thurasóireacht fianaise-bhunaithe atá dírithe ar fhógraíocht a dhéanamh ar na bia-aistir ghearra agus na loirg carbóin íseal a bhaineann le bia ar leithinis Chorca Dhuibhne;
  • branda inmharthana don leithinis a fhorbairt.

2. An teicneolaíocht a chur i bhfeidhm ar 30 feirm sa bhreis, meallta ag luach níos mó dá táirgí, agus ag éifeachtúlacht fheabhsaithe ar charbón, costas agus cúrsaí oibre. Bainfear amach breis éifeachtúlacht charbóin, go háirithe, trí fhaid a chur leis an séasúr inír; do gach 10 lá sa bhreis a chuirtear leis an séasúr inír bíonn laghdú de 1.7% ar astaíochtaí gás cheaptha teasa. Táthar ag tuar go bhféadfaí síneadh 10 lá a chur leis an séasúr inír i gCorca Dhuibhne trí bhainistíocht fheabhsaithe ar thalamh féarach de dheasca teicneolaíocht bhraiteora a úsáid. Anuas ar sin, chiallódh an síneadh 10 lae seo go mbeadh breis brabúis don bhfeirmeoir; le gach síneadh de 10 lá ar a séasúr inír, tagann méadú ar bhrabús de €27 do gach bó (foinse: Teagasc Dairy Carbon Navigator)

Beidh Mol Chorca Dhuibhne ag déanamh fógraíocht ag lorg Léirithe Spéise ó bhaill den phobal feirmeoireachta ar suim leo bheith páirteach san SPNI sna míonna amach romhainn. Má bhíonn fonn ar éinne réamh-fhógra a dhéanamh ar a spéis, is féidir seo a dhéanamh ach ríomhphost a chur chuig info@dinglehub.com

Teagmháil:
Deirdre de Bhailís
Mol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Chorca Dhuibhne
Fón: 066 9150140
Rphost: info@dinglehub.com

In the News

Athmhaidin – Oct 14th

Agritime on Oct 15th – starting at 35mins 30 secs 

The Kerryman 14.10.2020

The Farmer’s Journal 17.10.2020

Kerry’s Eye 22.10.2020

Farming Independent 20.10.2020

PLOUTOS has received funding from EU’s programme H2020 under GA 101000594.