You are currently viewing Ploutos announces the official launch of its Sustainable Innovation Pilots!

Ploutos announces the official launch of its Sustainable Innovation Pilots!

The project has reached the 2nd year and is now officially deploying its Sustainable Innovation Pilots throughout Europe.

Ploutos H2020 Project  

Ploutos is an EU funded project that aims to re-balance value chains, in order to enhance win-win outcomes for different actors involved, such as farmers, cooperatives, agri-food companies, technology providers, SMEs and others. Combining behaviour innovation, collaborative business model innovation and data driven technological services, Ploutos will increase transparency, information flow and management capacity. The result will be more competitive, efficient, resilient and sustainable agri-food value chains with improved performance and positive socio-economic and environmental impacts. 

All innovations of Ploutos are combined in its’ Sustainable Framework, a toolkit, which will be assessed and adjusted through the Ploutos Sustainable Innovation Pilots (SIPs). All of them are currently being launched across Europe, including in Greece, the Netherlands, Ireland and Spain, North Macedonia, Serbia, Cyprus, Slovenia, Italy and France. Apart from geographic coverage, Ploutos pilots also cover a large range of agri-food ecosystems, including arable horticulture, greenhouses, perennials, livestock and dairy production. 

A model to establish and test a Smart Farming Strategy on rural farms while also demonstrating its benefit in the wider agri-food community – Dingle Peninsula, Ireland.

One of the pilots that are deployed within the context of Ploutos will analyse real-time data to develop models and effective decision support tools for farmers on the Dingle Peninsula and will support a diversified approach to farming business management in terms of how the food production business of farming can integrate with other actors in the value chain, to provide a sustainable, local industry.

Rural farms in the western coastal regions of Ireland generally have small to medium dairy herd sizes of 40-80 cows, generating just low to medium incomes. This scenario is exacerbated by high labour input on many farms, and the now more stringent regulations regarding greenhouse gas emissions (GHG) and other environmental factors, all of which prompt the younger generation to leave the career of farming and the rural area in general. This pilot aims to  integrate farming enterprises with related value chains such as agri-tourism or food tourism to enable co-created, innovative solutions to both address climate change and support the financial viability of farms.

In this SIP, data describing current and predicted weather and soil conditions, grass growth rates, and key environmental indicators from 36 farms will be analyzed and used to develop models and effective decision support tools for farmers. The information generated will indicate (a) available quantities of grass and the most efficient strategy by which it could be used for grazing animals; (b) the land areas most and least in need of fertilizer; (c)  management of slurry application based on soil and weather conditions rather than calendar date; (d) extension of the grazing period in autumn (depending on grass growth rates, temperature, soil) which will result in increased carbon efficiency; (e) environmental quality parameters in the area. 

This data is critical to establishing the necessary knowledge base to identify the benefits of a reliable Smart Farming/ decision-making approach, and the context within which it works. It will be built into decision support tools aimed to improve decision-making in relation to environment, labour and cost efficiency. 

The use of data from the smart farming approach will add value to a range of products and services, e.g. (i) using reliable environmental parameters in marketing goods from the area; (ii) localised real-time weather data enabling providers to tailor tourist packages optimised for changing weather conditions; (iii) building a brand for the Dingle Peninsula to secure the region as a destination of choice, supported by data proving low food miles and low carbon footprint. The Dingle Peninsula Hub will collaborate with Teagasc, IFA, local Dingle hub-based technology provider Net Feasa and Kerry Agribusiness to roll-out the sensor technology and decision-making tools.

Sustaining Ploutos Innovation

The results of the pilots will be available through the Ploutos Innovation Academy, after the lifetime of the project. The Academy will make available the know-how and best practices acquired from the implementation of the pilots to interested parties that will be able to replicate them easily. 

Become part of Ploutos 

The launch of the Pilots lays the foundation for exchanging and applying innovative practices, in order to establish a sustainable agri-food sector. Follow all the evolvements of Ploutos through our website and social channels that are being updated on a regular basis or subscribe to our newsletter and be part of the Ploutos discussion! You can be the first to adopt the innovations of tomorrow! 

Follow us

Website: https://www.ploutos-h2020.eu

Twitter: @ploutos_h2020

Facebook: @ploutosh2020

LinkedIn: ploutos-h2020

For further information:

GAIA EPICHEIREIN SA

Project Coordinator: Nikolaos Marianos

Email: n_marianos@neuropublic.gr

Local Contact Points: 

Company: Dingle Peninsula Hub

Name: Tom Fitzgerald

Email: tom@dinglehub.com

Tel: +353 87 9583957


Fógraíonn Ploutos seoladh oifigiúil a Scéimeanna Píolótacha Nuálaíocht Inmharthana!

Tá a tarna bliain shroichte ag an tionscadal agus anois tá sé ag cur a Scéimeanna Píolótacha Nuálaíocht Inmharthana i bhfeidhm ar fud na hEorpa

Tionscadal Ploutos H2020

Is tionscadal atá maoinithe ag an Aontas Eorpach é Ploutos, go bhfuil sé d’aidhm aige athchothromú a dhéanamh ar shlabhraí luacha chun feabhas a chur ar thorthaí ina mbíonn buntáiste do gach dream atá bainteach leo; idir fheirmeoirí, chomharchumainn, chomhlachtaí agraibhia, sholáthraithe teicneolaíochta, fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus pháirtithe leasmhara eile nach iad. Ag comhtháthú nuálaíocht iompair, nuálaíocht timpeall ar mhúnlaí gnó, agus seirbhísí teicneolaíochta tiománta ag bunachair, cuirfidh Ploutos le trédhearcacht, sruthlú faisnéise agus cumas bainistíochta. An toradh a bheidh ar seo ná slabhraí luacha agraibhia atá  níos iomaíoch, níos éifeachtaí, níos inmharthanaí, le níos mó teacht aniar, chun go mbeidh feabhas ar a bhfeidhmíocht agus a dtionchar dearfach eacnamaíoch agus timpeallachta. 

Bíonn gach nuálaíocht bainteach le Ploutos san áireamh ina Chreatlach Inmharthana, cnuasach uirlisí a bheidh á mheasúnú agus á athrú trí mheán na Scéimeanna Píolótacha Nuálaíocht Inmharthana [SPNI]. Tá siad seo ar fad á seoladh faoi láthair ar fud tíortha na hEorpa, ina measc An Ghréig, An Ísiltír, Éire, An Spáinn, An Mhacadóin Thuaidh, An tSeirbia, An Chipir, An tSlóvéin, An Iodáil agus An Fhrainc. Anuas ar chlúdach tíreolaíochta, clúdaíonn na SPNI de chuid Ploutos réimse mhór d’éiceachórais agraibhia, le gairneoireacht churaíochta, tithe gloine, ilbhliantóga, stoc agus tairgíocht déiríochta san áireamh. 

Múnla chun Straitéis Feirmeoireachta Cliste a bhunú agus a tástáil ar fheirmeacha tuaithe fad is a léireofar a thairbhe don bpobal agraibhia níos leithne – Corca Dhuibhne, Éire.

Déanfaidh ceann de na scéimeanna píolótacha a chuirfear i bhfeidhm laistigh de chomhthéacs Ploutos anailís ar bhunachair fíor-ama chun múnlaí agus uirlisí éifeachtacha chun tacú le cinntí a fhorbairt d’fheirmeoirí i gCorca Dhuibhne. Tacóidh seo le cur chuige níos éagsúil timpeall ar bhainistiú gnónna feirmeoireachta ó thaobh an tslí gur féidir gnó tairgíocht bia na feirmeoireachta a chomhtháthú le gníomhaithe eile sa slabhra luacha chun go mbeidh tionscal inmharthana áitiúil mar thoradh air. 

De ghnáth, bíonn tréad beag nó de mheánmhéid – idir 40 agus 80 bó – ag feirmeacha i réigiúin chóstaí iarthair na hÉireann, ag giniúint ioncaim atá íseal nó measartha. Tá an scéal seo déanta níos measa ag an ualach ard oibre a bhíonn de dhíth ar a lán feirmeacha, agus anois na rialacháin níos déine timpeall ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa [GCT] agus cúinsí eile comhshaoil, leis na fadhbanna seo ar fad ina gcúis leis an nglúin níos óige a bheith ag tréigint ghairm na feirmeoireachta agus ceantracha tuaithe trí chéile. Is é aidhm na Scéime Píolótaí seo ná fiontair feirmeoireachta a chomhtháthú le slabhraí luacha eile a bhaineann le hábhar, leithéidí agra-thurasóireacht nó turasóireacht bhia, chun gur féidir teacht ar réitigh chomh-chruthaithe nuálaíocha a raghfaidh i ngleic leis an athrú aeráide agus le hinmharthanacht airgeadais feirmeacha araon. 

San SPNI seo déanfar anailís ar bhunachair ó 36 feirm, le bunachar ag cur síos ar aimsir reatha agus aimsir thuartha, coinníollacha ithreach, rátaí fáis an fhéir, srl. Úsáidfear torthaí na hanailíse seo chun múnlaí agus uirlisí éifeachtacha tacaíocht cinntí a fhorbairt d’fheirmeoirí. Léireoidh an fhaisnéis a bhaileofar (a) na cannaíochtaí féir atá ar fáil agus an straitéis is éifeachtaí maidir lena n-úsáid chun stoc a bheathú, (b) na limistéir talún as mó go bhfuil leasú de dhíth orthu; (c) bainistíocht ar sciodar bunaithe ar choinníollacha aimsire agus ithreach seachas dáta na féilire; (d) fadú a dhéanamh ar an mbiaiste inír um fhómhar (ag brath ar rátaí fáis an fhéir, teocht, ithir) go mbeidh níos mó éifeachtacht timpeall ar chúrsaí carbóin mar thoradh air; (e) paraiméadair ard-chaighdeán timpeallachta sa cheantar. 

Tá fíorghá leis an mbunachar seo chun bunshraith den eolas riachtanach a bhunú mar shlí chun na buntáistí a eascraíonn as cur chuige feirmeoireachta/glacadh cinntí cliste a aithint, anuas ar an gcomhthéacs ina n-oibríonn sé. Beidh sé forbartha ina chuid d’uirlisí tacaíocht cinntí atá dírithe ar fheabhas a chur ar thógaint cinntí maidir leis an timpeallacht, cúrsaí oibre agus éifeachtacht ó thaobh costaisí. 

Cuirfidh úsáid bunachair ón gcur chuige feirmeoireachta cliste le luach réimse tairgí agus seirbhísí, m.sh. (i) paraiméadair iontaofa timpeallachta a úsáid agus margaíocht á déanamh ar thairgí ón gceantar; (ii) bunachair aimsire fíor-ama áitiúil a úsáid chun é a chur ar chumas tairgeoirí pacáistí saindeartha do thurasóirí a cheapadh a thabharfaidh athruithe aimsire san áireamh; (iii) branda a fhorbairt do Chorca Dhuibhne chun aitheantas a bhaint amach don limistéar mar cheann scríbe turasóireacht bhia, le tacaíocht ó bhunachair a chruthaíonn bia-aistear gearr agus lorg carbóin íseal. Déanfaidh Mol Chorca Dhuibhne comh-oibriú le Teagasc, CFÉ, an soláthraí áitiúil teicneolaíochta Net Feasa, agus comhlacht agraibhia Kerry Group chun na huirlísí brathadóra agus déanta cinntí a a chur i bhfeidhm.

Ag coimeád Nuálaíocht Ploutos ar siúl

Beidh torthaí na scéimeanna píolótacha curtha ar fáil trí Acadamh Nuálaíochta Ploutos tar éis don tionscadal a bheith thart. Cuirfidh an tAcadamh an cumas agus deachleachtas a bheidh forbartha de bharr chur i bhfeidhm na scéimeanna píolótacha ar fáil dóibh siúd go bhfuil spéis acu iontu, chun go mbeidh siad in ann aithris a dhéanamh orthu go saoráideach. 

Bí i do chuid de Ploutos 

Leagann seoladh na scéimeanna píolótacha síos bunchloch do mhalartú agus cur i bhfeidhm cleachtas nuálaíoch, chun gur féidir earnáil immharthana agraibhia a bhunú. Is féidir leat éabhlóid obair Ploutos a leanúint trínár suíomh idirlín agus ár gcainéil shoisialta a bhíonn á n-uasdátú ar bhonn rialta, nó sínigh suas d’ár nuachtlitir agus glac páirt i bplé Ploutos tú féin! Is féidir leatsa a bheith ar an gcéad duine chun feidhm a bhaint as nuálaíocht an lae amárach! 

Leanaigí sinn

Suíomh Gréasáin: https://www.ploutos-h2020.eu

Twitter: @ploutos_h2020

Facebook: @ploutosh2020

LinkedIn: ploutos-h2020

Tuilleadh Eolais:

GAIA EPICHEIREIN SA

Comhordaitheoir Tionscadail: Nikolaos Marianos

Rphost: n_marianos@neuropublic.gr

Pointí Teagmhála Áitiúla: 

Comhlacht: Mol Chorca Dhuibhne

Ainm: Tom Fitzgerald

Rphost: tom@dinglehub.com

Fón: +353 87 9583957