You are currently viewing Sustainable Innovation Project on the Dingle Peninsula

Sustainable Innovation Project on the Dingle Peninsula

We are looking for 30 farmers to participate in our Sustainable Innovation Project to test on-farm sensor technology 

As part of an EU Horizon 2020 funded project, Dingle Hub together with Teagasc, Kerry Agribusiness, Net Feasa and the IFA are working together on this initiative to address and achieve early progress in hitting environmental/climate change targets; at the same time creating more profitable and sustainable farming systems through the introduction and use of sensor technology.

We will be testing on-farm sensor technology, which will capture real-time data on the farms, with the aim of improving environmental metrics and precision management and also in reducing labour demand.

This study is enabled by EU funding, as part of the EU PLOUTOS Project, awarded to the Dingle Hub and Teagasc partners. We want to create a farm grouping where the sensor technology can be used. Such a grouping, e.g. Corca Dhuibhne Farm Group, would represent a special area network that would showcase how science-based technology can improve environmental, economic, and social sustainability. This would further enhance the value of the food produced on the Dingle Peninsula. 

Participants will follow a defined framework incorporating the following elements: 
a) installation of sensors 
b) data capture of a range of measurements
c) data analysis
d) interpretation and use of the data in decision-making 
e) clear before- and after- measurements indicating degree of improvement in parameters

The sensors will measure real-time changes in: 

  • Milk production
  • Grass management parameters (PastureBaseIreland)
  • Weather parameters (air and soil temperature, wind speed, rainfall)
  • Soil moisture 
  • Slurry production

Objectives of the project:

  • To lead and support a move towards more sustainable farming systems through the use of technology
  • To reduce costs and improve margins 

Specific targets and indicators will show whether progress is being made in reducing environmental footprint and in improved sustainability:

  • Milk production: kg milk solids produced
  • Days at grass
  • Grass measures: Farm Cover (kg DM/ha); Cover/LU (kg DM/LU); Growth/Ha (kg DM/ha); Demand/Ha (kg DM/ha); Demand/Day (kg DM/day); LU/ha (LU/ha) 
  • Soil fertility: Adherence to NMP to correct soil deficiencies
  • Reduce chemical N fertiliser usage by e.g. 10% over 5 years
  • Spread at least 35% of chemical N as protected urea
  • Increase sward clover content to 20% over 5 years
  • Concentrate CP %: Reduce concentrate CP% to 14% (main grazing season) 
  • Cost and returns: Reduce costs/save money: target net profit, e.g. >€800 per cow or > €2,000/ha

Corca Dhuibhne Farm Group (successful applicants on the project) will:

  • showcase how the technologies can reduce agri-emissions 
  • share their knowledge and insights
  • develop a smart approach to farm business

A selection of the farms will act as ‘role model’ demonstration farms for the programme; farmers will share results and experiences.

Benefits: 

  • All farmers will receive a report at the end of each year measuring their progress against their starting point and the targets set for the farm. The data collection will be achieved using a selection of sensors on each individual farm. Data captured will be analysed by DCU (Dublin City University) and Teagasc (data will be anonymous at all times)
  • The programme will demonstrate how to optimise your on-farm decision-making, for the benefit of both the environment and your profitability
  • Teagasc advisors and technical personnel will provide technical backup for farms, knowledge of the study principles, interpretation of the data and support in promoting improved environmental parameters together with broad sustainability 
  • Opportunities for involvement in Teagasc trial work and meeting other like-minded progressive farmers to progress more sustainable farming methods

Note: Membership of Teagasc is a distinct advantage for potential applicants as it allows a framework for soil tests/analysis and economic analysis through the profit monitor. 

For more information please visit www.dinglepeninsula2030.com or contact Tom Fitzgerald on 0879583957. To register your interest in this project email tom@dinglehub.com or call Dingle Hub on 066 9150140. 

Closing date for applications is Friday 23rd July 
Successful farms will be notified by the 31st of August 2021

BACKGROUND NOTES:

About EU Ploutos project

The Dingle Peninsula has been chosen as a Sustainable Innovation Pilot for the EU Ploutos

project over the next two and a half years. As part of this, the Dingle Hub will work with

partners Teagasc, Kerry Agribusiness  IFA and Net Feasa (a technology company dealing with Internet of Things and located in the Dingle Hub) to roll-out carbon emission sensor technologies to 30 farms on the Peninsula. This will encourage new collaborations between farmers, technology providers, data analysts, food/service entrepreneurs and consumers to unlock opportunities for new businesses and new revenue streams from higher value products.

About Corca Dhuibhne 2030

Established in early 2018,  Corca Dhuibhne 2030  is a multi-partner initiative on the Dingle

Peninsula, Co. Kerry. It involves the Dingle Creativity and Innovation Hub, ESB Networks,

North East & West Kerry Development (NEWKD)) and the SFI MaREI Centre for Energy,

Climate and Marine, at UCC. Partners actively collaborate with each other and with the local

community, schools, business, transport and farming sectors to support and enable the

broader societal changes required for the sustainable transition. 

To date, activities have included home energy trials, community planning, anaerobic

digestion, smart farming trial, community energy mentor training, Climate Hacks in schools,

and a sustainable transport initiative. A West Kerry Dairy Farmers’ Sustainable Energy

Community has recently been established, as has a new community energy group. In early

February, ESB Networks launched its electric car trial with 17 EV’s being driven by trial

participants across the Dingle Peninsula for a year. 

About Science Foundation Ireland (SFI) Discover Programme and the SFI MaREI Centre

The SFI Discover Programme contributes to growing opportunities for dialogue between

science and the public it serves and to improving diversity and inclusion, through its aims to

broaden participation both geographically and amongst less represented voices in science.

The Corca Dhuibhne 2030 group were successful in securing SFI Discover Funding in

2020, and again for the 2021-2022 period. This second round of funding has supported the

hiring of a Community Engagement Coordinator for the initiative over a 2-year period, and it

has also enabled MaREI to continue its engaged research and evaluation of the work, as well

as the sharing of learning nationally.

About Dingle Hub

Established in April 2017, the Dingle Hub’s mission is to build a creative, livable, sustainable

community, fostering a vibrant and diverse ecosystem of stakeholders to facilitate the

creation and maintenance of well-paid, year-round incomes on the Dingle Peninsula. We

work to create strategic antecedents for new employment within four thematic pillars;

1) Sustainability and Green Agenda,

2) Digital Transformation,

3) Creative Industries and

4) Community-Authored Vision and Strategy


Togra Nuálaíochta Inmharthana i gCorca Dhuibhne

Tá 30 feirmeoir á lorg againn don staidéar seo.

Mar chuid togra maoinithe ag Horizon 2020 de chuid an AE, tá Mol an Daingin ag obair i dteannta le Teagasc, Net Feasa agus gnó talmhaíochta Kerry chun tionscnamh a fhorbairt a bhfuil sé d’aidhm aige dul chun cinn luath a dhéanamh timpeall ar dheileáil le hathruithe timpeallachta/aeráide, agus ag an am céanna córais feirmeoireachta níos brabúsaí agus níos inmharthanaí a chruthú trí theicneolaíocht braiteora a thabhairt isteach agus a úsáid. 

Is ann anois don deis tástáil a dhéanamh ar chumas braiteoirí ar fheirmeacha chun feabhas a chur ar scálaí tomhais agus bainistíocht ardchruinnis sa bhfeirmeoireacht. 

Fíricí:

  •  Tá gá ann le feabhas a chur ar scálaí tomhais timpeallachta ar an bhfeirm.
  • Tá gá ann le breith fíor-ama ar pharaiméadair dhifriúla chun bainistíocht ardchruinnis a bhaint amach.
  • Caithfear laghdú ar an éileamh oibre ar fheirmeacha.
  • D’fhéadfadh córas teicneolaíocht bhraiteora a bheith ina réiteach ar seo.

Le chéile, d’éirigh le Mol an Daingin agus Teagasc maoiniú a fháil ón AE (mar chuid de Thionscadal PLOUTOS) chun staidéar a dhéanamh faoi seo ar fheirmeacha áitiúla. Tá sé riachtanach grúpa feirmeacha a chruthú mar a bheidh sé indéanta córais bhraiteora a chur i bhfeidhm. Bheadh a leithéad de ghrúpa, .i. Grúpa Fermeoireachta Chorca Dhuibhne, ionadaíoch ar líonra limistéir speisialta a d’fhéadfadh léiriú a dhéanamh ar theicneolaíocht eolaíocht-bhunaithe  mar shlí chun feabhas a chur ar inmharthanacht timpeallachta, eacnaimíoch agus sóisialta. Cuirfí seo i dteannta an aitheantais atá faighte ag táirgí bia ón gceantar as a gcaighdeán ard, rud a chabhródh le cúrsaí mairgíochta agus, sa tslí sin, le breis luacha ar earraí. 

Leanfaidh an grúpa seo creatlach leagtha amach roimh ré, a bheidh na gnéithe seo a leanas ina gcuid de: 
a) suiteáil na mbraiteoirí 
b) bunachar a ghabháil is a thaifeadadh timpeall ar réimse ábhar tomhais 
c) anailís ar an mbunachar 
d) brí an bhunachair a léamh agus seo a úsáid chun cinní a dhéanamh ar an bhfeirm
e) tomhais shoiléir bunlíne a dhéanamh roimh agus i ndiaidh an staidéir chun leas an chórais nua a thuiscint. 

Tá gá againn le rannpháirtíocht roinnt feirmeacha don staidéar seo.

Déanfaidh na braiteoirí tomhas fíor-ama ar athruithe maidir le: tairgíocht bhainne, paraiméadair bhainistíocht féir (PastureBaseIreland), paraiméadair aimsire (teocht aeir agus talún, luas gaoithe, fearthainn), taise na cré agus tairgíocht sciodair. 

Cuspóirí an chláir

  • Ceannaireacht agus tacaíocht a sholáthar timpeall ar ghluaiseacht i dtreo córais feirmeoireachta atá níos inmharthanaí trí húsáid teicneolaíochta, m.sh. braiteoirí agus bunachar fíor-ama;
  • Costais a laghdú agus feabhas a chur ar chorrlach brabúis.

Conas a bheidh ball de Ghrúpa Feirmeoireachta Chorca Dhuibhne in ann a dhéanamh amach go bhfuil sé/sí ag déanamh dul chun cinn ó thaobh laghdú ar a rian timpeallachta agus breis inmharthanachta?

Roinnt spriocanna agus comharthaí áirithe 

  • Tairgíocht bhainne: kg solaid bhainne tairgthe
  • Laethanta ar féarach
  • Tomhais féir: Clúdach feirme (kg DM/ha); Clúdach/LU (kg DM/LU); Fás/Ha (kg DM/ha); Éileamh/Ha (kg DM/ha); Éileamh/Laethanta (kg DM/laethanta); LU/ha (LU/ha)
  • Torthúlacht na cré: Cloígh leis an NMP chun easnaimh ithreach a cheartú.
  • Laghdaigh ar úsáid leasú ceimiceach N faoi m.sh. 10% thar 5 bhliana
  • Scaip ar a laghad 35% de N ceimiceach mar úiré chosanta
  • Méadaigh clúdach seamair go 20% thar 5 bhliana
  • % de tiúchán CP: Laghdaigh % tiúchán CP go 14% (príomh-shéasúr inír)
  • Costais agus brabús: Laghdaigh costais/sábháil airgead: brabús glan mar sprioc,    m.sh. >€800 an bhó nó >€2,000/ha

Déanfaidh Feirmeacha Teicneolaíochta Chorca Dhuibhne:

  • léiriú ar theicneolaíocht mar shlí chun laghdú ar astaíochtaí talmhaíochta;
  • feidhmiú mar “mhoil” chun eolas a scaipeadh is a chraobhscaoileadh; agus
  • forbairt ar chur chuige cliste i leith ghnó feirme.
  • Feidhmeoidh roinnt d’Fheirmeacha Teicneolaíochta Chorca Dhuibhne mar fheirmeacha eiseamláireacha don gclár, lena dtorthaí agus a dtaithí á roinnt.
  • Bheadh ballraíocht de Theagasc ina buntáiste mhór, mar go gcuireann siad creatlach ar fáil do thástálacha/anailís ithreach agus anailís eacnaimíoch tríd a monatóir brabúis. 

Buntáistí:

  • Gheobhaidh gach feirmeoir tuairisc ag deireadh gach bliana – ag rianadh a ndul chun cinn i gcoinne conas mar a bhí acu sara dtosnaíodar amach agus na spriocanna a leagadh síos don bhfeirm. Déanfar bailiú an bhunachair trí réimse braiteoirí ar gach feirm. Déanfar anailís ar an mbunachar ag baill foirne de chuid DCU/Teagasc agus ní bheidh ainm ná sonra pearsanta eile aon fheirmeora ceangailte leis an mbunachar.
  • Léireoidh an clár conas feabhas a chur ar na cinní a ghlactar ar an bhfeirm ar shlí a raghaidh chun leas na timpeallachta agus do bhrabús an fheirmeora araon. 
  • Cuirfidh comhairleoirí agus foireann theicniúil Teagasc tacaíocht theicniúil ar fáil d’fheirmeacha, chomh maith le tuiscint ar phrionsabail an staidéir, a léamh siúd ar bhrí an bhunachair, agus tacaíocht maidir le paraiméadair fheabhsaithe timpeallachta agus inmharthanacht níos leithne a chur chun cinn.
  • Deiseanna a bheith páirteach in obair thrialach eile de chuid Teagasc agus seans chun bualadh le feirmeoirí atá ar aon intinn leat ó thaobh a spéise i slite feirmeoireachta níos inmharthanaí a fhorbairt.

Chun teacht ar a thuilleadh eolais tabhair cuairt ar www.dinglepeninsula2030.com, nó déan teagmháil le Tom Fitzgerald ag 0879583957. Chun spéis a bheith páirteach sa chlár thuasluaite a léiriú, cuir ríomhphost ag info@dinglehub.com nó glaoigh ar Mhol an Daingin ag 066 9150140. 

Spriocdháta: Dé hAoine 23ú Iúil. 
Déanfar teagmháil le feirmeoirí a éiríonn leo áit a bhaint amach ar an gclár faoi 31ú Lúnasa 2021. 

NÓTAÍ CÚLRA:

Faoi Thionscadal Ploutos de chuid an AE

Roghnaíodh leithinis Chorca Dhuibhne mar ionad do Scéim Phíolótach Inmharthana Nuálaíoch mar chuid de Thionscadal Ploutos leis an Aontas Eorpach thar an dá bhliain go leith amach romhainn. Mar chuid de seo, beidh Mol an Daingin ag obair lena phairtnéirí Teagasc, Cumann Feirmeoirí Éireann, agus Net Feasa (comhlacht teicneolaíochta a bhíonn ag plé le hIdirlíon na nEarraí, is atá lonnaithe i Mol an Daingin) chun teicneolaíocht bhraiteoirí astaíocht carbóin a shuiteáil ar 30 feirm ar fud Chorca Dhuibhne. Spreagfaidh seo tuilleadh comhoibriú idir feirmeoirí, soláthraithe teicneolaíochta, lucht anailís bunachair, fiontraithe bia/seirbhíse agus tomhaltóirí chun deiseanna a chruthú timpeall ar ghnólachtaí nua agus sruthanna ioncaim nua ó thairgí ar luach níos airde.

Faoi Chorca Dhuibhne 2030

Bunaithe go luath i 2018, is tionscnamh ilpháirtí é Corca Dhuibhne 2030 atá bunaithe ar leithinis Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí. Páirteach sa tionscnamh tá Mol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Chorca Dhuibhne, Líonraí BSL, Forbairt Chiarraí Thuaidh, Thoir agus Thiar (FCTTT) agus an t-Ionad Fuinnimh, Aeráide agus Mara ag UCC, ionad de chuid MaREIagus Fondúireacht Eolaíochta Éireann. Bíonn na pairtnéirí seo ag comhoibriú go gníomhach lena chéile agus le pobail, scoileanna, gnólachtaí, an córas iompair agus an earnáil feirmeoireachta go háitiúil, chun tacú leis an gclaochlú níos leithne atá ag teastáil sa sochaí chun an aistriú go saol níos inmharthana a dhéanamh.

Suas go dtí seo, i measc gníomhachtaí an tionscnaimh bhí trialacha fuinnimh baile, pleanáil pobail, díleá anaeróbach, triail ferimeoireachta cliste, traenáil ar mheantóirí fuinnimh, Haiceanna Aeráide do scoileanna, agus tionscnamh iompair inmharthana. Bunaíodh Pobal Fuinnimh Inmharthana Fheirmeoirí Chorca Dhuibhne le déanaí, chomh maith le grúpa nua fuinnimh pobail. Go luath i Mí Feabhra, sheol Líonraí BSL a thriail ar fheithiclí leictreacha, le 17 feithicil leictreach á dtiomáint ag rannpháirtithe trialacha ar fud na leithinse ar feadh tréimhse bliana.

Faoin gclár ‘Discover’ de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (FEE) agus Ionad MaREI an FEE.  

Cuireann clár ‘Discover’ de chuid FEE leis na deiseanna atá ann chun caidreamh a chruthú idir eolaíocht agus an pobail ar a fhreastalaíonn sí, ag feabhsú éagsúlacht agus cuimsiú, trína spriocanna páirtíocht a leathnú sa chiall tíreolaíochta, agus i measc guthanna nach gcloiseadh san eolaíocht go tí seo, araon. D’éirigh le grúpa Chorca Dhuibhne 2030 maoiniú a fháil ó ‘Discover’ sa bhliain 2020, agus arís don tréimhse 2021-2022. Tá an tarna bhabhta maoinithe seo ag tacú le fostú Chomhordaitheoir Caidreamh Pobail don tionscnamh thar thréimhse 2 bhliana, agus anuas ar sin, chiallaíonn sé go bhfuil MaREI in ann leanúint lena chuid taighde agus measúnú ar an obair, chomh maith leis an eolas agus gach ar fhoghlaimíodh uaidh a roinnt go náisiúnta.

Faoi Mhol an Daingin

Bunaithe in Aibreán 2017, is é misean Mhol an Daingin ná pobal inmharthana cruthaitheach a thógáil, ag tacú le héiceachóras éagsúil de pháirtithe leasmhara chun éascú a dhéanamh ar chruthú agus cothabháil  ioncaim agus postanna ar phá maith atá ann i rith na bliana ar fad ar leithinis Chorca Dhuibhne. Bímid ag obair chun bunriachtanais straitéiseacha d’fhostaíocht nua a chruthú faoi cheithre phríomhthéama:

Clár na hinmharthanachta agus an ghlaise,

Claochlú Digiteach,

 Tionscadail Chruthaitheacha,    agus

Fís agus Straitéis cumtha ag an bPobal féin.